Skip to search boxSkip to navigationSkip to main content

Dr. Claire Dunne

Is Ollamh Cúnta le Teagasc na Gaeilge mé san Institiúid Oideachais in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Roimhe sin bhí mé i mo Cheann Roinne ar Roinn an Bhéarla agus Roinn na Gaeilge in Institiúid Oideachais Marino ó 2022-2025. Le linn mo théarma mar Cheann Roinne bhí mé i mo Chomhordaitheoir ar an mBaitsiléir san Oideachas trí mheán na Gaeilge. D’oibrigh mé mar léachtóir agus aistritheoir in Institiúid Oideachais Marino ó 2008-2022, agus mar léachtóir agus aistritheoir páirtaimseartha san institiúid chéanna ó 2006-2008. Roimhe sin, chaith mé seal ag múineadh sa chóras Gaelscolaíochta agus ag obair mar aistritheoir don chomhlacht Sanas. Thug Foras na Gaeilge creidiúnú mar aistritheoir cáilithe dom sa bhliain 2008. Tá MA agam sa Staidéar Idirchultúrachais agus dochtúireacht agam sa Teangeolaíocht Fheidhmeach. Tá idir ailt taighde, ailt irisí agus áiseanna foghlama scríofa agam maidir le teagasc, litearthacht, léitheoireacht, agus litríocht na Gaeilge.

Teaching Interests

Tá taithí fhairsing agam ar mhodúil a bhaineann le Gaeilge agus Múineadh na Gaeilge a theagasc san oideachas tosaigh múinteoirí. Tá an-taithí agam ar obair le hábhair oidí a bheidh ag múineadh Gaeilge i scoileanna meán-Bhéarla agus ar scafláil a thabhairt d’ábhair oidí muinín a fhorbairt i dteagasc na Gaeilge. Chomh maith leis sin, mhúin mé modúil i dTeagasc na Gaeilge do mhic léinn ar an BOid a bheidh ag obair i scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lán-Ghaeilge. Tá taithí agam freisin ar réimse an-leathan modúl a theagasc trí mheán na Gaeilge ar an mBaitsiléir san Oideachas trí mheán na Gaeilge, ina measc na bonnstaidéir (Síceolaíocht an Oideachais, Léann Teanga, An Scríbhneoireacht Acadúil, Modhanna Taighde agus Léann an Chomhionannais). Tá an-spéis agam sa Dearadh Uilíoch don Fhoghlaim agus ar cúrsaí measúnuithe don Ghaeilge. Tugaim ionchur ar na modúil seo a leanas: Oideachas Ionchuimsitheach agus Curaclam agus Measúnú.

Teagasc ionchuimsitheach na Gaeilge; Litearthacht agus léitheoireacht na Gaeilge; Foghlaim chomhtháite ábhar agus teanga; Oideachas tosaigh múinteoirí i mionteanga; Litríocht na n-óg; Stair mhúineadh na Gaeilge.