Skip to search boxSkip to navigationSkip to main content

Dr. Sile Denvir


Scoláire idirdhisciplíneach, amhránaí sean-nóis agus cláirseoir í an Dr Síle Denvir a rugadh agus a tógadh in Indreabhán i gConamara. Tá suim faoi leith aici in amhránaíocht na Gaeilge agus tá dhá leabhar faoi chumadóirí amhrán as Conamara foilsithe aici, Tom a’ tSeoighe: Amhráin (Cló Iar-Chonnacht 2020) agus Ciarán Ó Fátharta: Amhráin (Cló Iar-Chonnacht 2008), chomh maith le riar mhaith aistí léannta faoi thraidisiún na hamhránaíochta. Tá suim faoi leith aici i nasc a dhéanamh idir an taighde agus an chruthaitheacht agus i measc a cuid tograí le gairid tá sraith físeán bunaithe ar amhráin Tom a’ tSeoighe (Molscéal TG4 2020) agus an dlúthdhiosca/leabhrán Caithréim (Cló Iar-Chonnacht 2016) atá bunaithe ar an gceol agus ar na hamhráin i ndrámaí Phádraig Mhic Phiarais. Bhí Caithréim ar ghearrliosta The Irish Times sa rannóg iomaíoch ‘Albam Traidisiúnta na Bliana 2016’, agus thug sé leis an duais don albam traidisiúnta is fearr ag Gradam Nós 2017. Tá sí ina stiúrthóir ceoil ar an tionscadal ‘Bláth na hÓige’, sraith nuálach a chuirfidh glúin óg amhránaithe sean-nóis as ceantair éagsúla Ghaeltachta in aithne don domhan mór, agus tá sí ag tabhairt faoi thionscnamh taighde ar an ábhar céanna i láthair na huaire. Eisíodh an t-albam is deireanaí ó Shíle, Anamnesis, le gairid agus bronnadh Gradam Ceoil TG4 d’Amhránaí na Bliana 2023 uirthi.

Dr Síle Denvir is an interdisciplinary scholar, sean-nós singer and harpist from Indreabhán in the Connemara Gaeltacht. She has a particular interest in Irish-language song and has published two books, Tom a’ tSeoighe: Amhráin (Cló Iar-Chonnacht 2020) and Ciarán Ó Fátharta: Amhráin (Cló Iar-Chonnacht 2008), and numerous articles on various aspects of the Irish language song tradition. She has a particular interest in combining her academic and creative work and recent artistic research projects include the production of a series of videos of Tom a’ tSeoighe’s songs (Molscéal, TG4 2020) and a CD/Booklet called Caithréim (Cló Iar-Chonnacht 2016) based on the music and song from the plays of Patrick Pearse. Caithréim was shortlisted by The Irish Times in the highly competitive ‘Best Traditional Album 2016’ category and won an award for best traditional album at Gradam Nós 2017. Síle is also music director for ‘Bláth na hÓige’, an exciting new project that showcases the talents of young sean-nós singers from various Gaeltacht areas.Her most recent album Anamnesis, a recording of sean-nós songs, was released in March 2023 and she was recently named ‘singer of the year’ in the prestigious ‘Gradam Ceoil TG4’ awards.

Research Interests

Réimsí Taighde:

  • Traidisiún na hamhránaíochta Gaeilge; an ceol traidisiúnta; amhráin nuachumtha na Gaeilge; taibhealaíona na Gaeilge; an nuafhilíocht agus an taibhfhilíocht; caitheamh aimsire agus siamsaíocht in Éirinn roimh an 20ú haois; amhráin agus ceol na hAlba; ceol na seanchláirseoirí. Is amhránaí sean-nóis agus cláirseoir mé agus tá suim faoi leith agam sa taighde ealaíonta.

Research Areas:

  • The Irish-language song tradition; Irish traditional music; newly composed Irish-language song; Irish-language performing arts; modern Irish-language poetry and performance poetry; pastimes in Ireland before the 20th century; songs and music of Gaelic Scotland; the ancient music of the harpers. I am a sean-nós singer and a harpist and I am very interested in the field of artistic research.