Skip to search boxSkip to navigationSkip to main content
Pádraig Ó LiatháIn's photo

Dr. Pádraig Ó Liatháin

Is Ollamh Cúnta é an Dr Pádraig Ó Liatháin in Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, áit a bhfuil sé ina Chathaoirleach Cláir ar an MA i Léann na Gaeilge. Bhain sé BA, M.Litt. agus PhD amach i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Sular thosaigh sé in DCU in 2015, bhí sé ag léachtóireacht i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, i gColáiste na Tríonóide agus in Ollscoil Sheárlais, Prág.

Díríonn a chuid taighde ar litríocht agus ar chultúr na Gaeilge ón seachtú haois déag anuas, le béim ar leith ar léann na lámhscríbhinní, litríocht an ochtú haois déag agus an fichiú haois, an an dialann, agus na ceangail idir traidisiún liteartha na Gaeilge agus Meiriceá Thuaidh. Tá taighde déanta aige ar lámhscríbhinní Gaeilge a tugadh thar an Atlantach agus ar stair chultúrtha na nGael i Meiriceá Thuaidh, Talamh an Éisc san áireamh. I measc a chuid taighde sa réimse seo tá a shaothar ar The Gallagher Family Commonplace Book, lámhscríbhinn as Dún na nGall a tugadh go Meiriceá, ar foilsíodh staidéar leis uirthi in Éire-Ireland in 2025.

Ar cheann dá phríomhthionscadail taighde fadtéarmacha tá eagarthóireacht dhialanna Sheáin Uí Ríordáin. Maireann an bailiúchán ó 1940 go 1977 agus tá 49 cóipleabhar agus comhad dialainne ann. D’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht Imleabhar I, ina bhfuil Dialanna 1–2 (1940), in 2022, agus tá Imleabhar II, Dialanna 3–8 (1942–50), críochnaithe agus le foilsiú gan mhoill. D’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht a eagrán criticiúil de Eachtra Ghiolla an Amaráin le Donncha Rua Mac Conmara in 2018. Tá sé ina chomh-eagarthóir freisin ar cheithre chnuasach scolártha.

Bhí sé ina eagarthóir Gaeilge ar Eighteenth-Century Ireland / Iris an Dá Chultúr. Tá tacaíocht faighte ag a chuid taighde ó Acadamh Ríoga na hÉireann, ón ICUF agus ón Cushwa Center, Ollscoil Notre Dame, áit ar bronnadh Hibernian Research Award air in 2025. Is Comhalta Sinsearach den Higher Education Academy (SFHEA) é, leis.

 

Dr Pádraig Ó Liatháin is Assistant Professor in Fiontar & Scoil na Gaeilge at Dublin City University, where he is Programme Chair of the MA i Léann na Gaeilge. He holds a BA, M.Litt. and PhD from Trinity College Dublin. Before joining DCU in 2015, he lectured at St Patrick’s College, Drumcondra, Trinity College Dublin and Charles University, Prague.

His research focuses on Irish-language literature and culture from the seventeenth century to the present, with particular interests in manuscript studies, eighteenth- and twentieth-century literature, life writing and diaries, and the connections between the Irish literary tradition and North America. He has researched Irish-language manuscripts brought across the Atlantic and the cultural history of the Irish in North America, including Newfoundland. His work in this area includes research on the Gallagher Family Commonplace Book, a Donegal manuscript brought to North America, on which he published a study in Éire-Ireland in 2025.

One of his principal long-term research projects is the scholarly editing of the diaries of the poet Seán Ó Ríordáin. The surviving archive comprises 49 diary copybooks and files spanning the years 1940 to 1977. Volume I, containing Diaries 1–2 (1940), was published by Cló Iar-Chonnacht in 2022, while Volume II, containing Diaries 3–8 (1942–50), has been completed and is forthcoming. His annotated critical edition of Donncha Rua Mac Conmara’s Eachtra Ghiolla an Amaráin was published by Cló Iar-Chonnacht in 2018. He is also co-editor of four scholarly collections.

Ó Liatháin is a former Irish-language editor of Eighteenth-Century Ireland / Iris an Dá Chultúr from 2012 to 2015. His research has received support from the Royal Irish Academy, the ICUF and the Cushwa Center at the University of Notre Dame, where he received a Hibernian Research Award in 2025. He is also a Senior Fellow of the Higher Education Academy (SFHEA).

Research Interests

My research interests include Irish-language literature and culture from the seventeenth century to the present; Irish manuscript culture and the later manuscript tradition; eighteenth- and twentieth-century Irish literature; life writing, diaries and autobiography; Seán Ó Ríordáin; travel literature; Irish-language culture in North America and the Irish diaspora; and the movement of Irish-language manuscripts, texts and ideas across the Atlantic.   

I measc mo chuid réimsí taighde tá litríocht agus cultúr na Gaeilge ón seachtú haois déag anuas; cultúr na lámhscríbhinní agus traidisiún déanach na lámhscríbhinní Gaeilge; litríocht an ochtú haois déag agus an fichiú haois; an scríbhneoireacht bheatha, an dialann agus an dírbheathaisnéis; Seán Ó Ríordáin; litríocht an taistil; cultúr na Gaeilge i Meiriceá Thuaidh agus i measc an diaspóra; agus gluaiseacht lámhscríbhinní, téacsanna agus smaointe Gaeilge thar Atlantach.

Teaching Interests

My teaching interests include Irish-language literature from the seventeenth century to the present, with particular interests in eighteenth- and twentieth-century literature, manuscript culture, life writing and diaries, travel literature, Irish-language literary and cultural history, and the Irish-language tradition in its wider European and transatlantic contexts. 

I measc mo réimsí teagaisc tá litríocht na Gaeilge ón seachtú haois déag anuas, agus spéis ar leith agam i litríocht an ochtú haois déag agus an fichiú haois, cultúr na lámhscríbhinní, an dialann, litríocht taistil, stair liteartha agus chultúrtha na Gaeilge, agus traidisiún na Gaeilge ina chomhthéacsanna Eorpacha agus trasatlantacha níos leithne.