
Dr. Mícheál Ó Meachair
Tá bunchéim aige sa Nua-Ghaeilge agus i Stair na hEalaíne, agus M.A. i Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Fuair sé céim dochtúireachta i réimse na teangeolaíochta corpais i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Dhírigh an taighde dochtúireachta seo ar chorpas acmhainní oideachais a thiomsú (EduGA) agus ar anailís a dhéanamh ar an gcastacht teanga sa chorpas sin. Is ríomhchláraitheoir agus logánaitheoir bogearraí é, agus is comhbhunaitheoir de chuid an Ríomhacadaimh é. I measc na spéiseanna taighde atá aige tá an teangeolaíocht chorpais agus teicneolaíochtaí teanga, agus is ball de Ghrúpa Taighde NLP cuid DCU é.
He has a degree in Modern Irish and History of Art, and an M.A. in Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge from University College Dublin. He received his doctoral degree in the field of corpus linguistics from Trinity College, Dublin. This doctoral research focussed on compiling a corpus of educational materials (EduGA) and analysing the complexity of the language therein. He is a programmer and localizer, and he is one of the co-founders of an Ríomhacadamh. His primary research interests are corpus linguistics and language technologies, and he is a member of the DCU NLP Research Group.
Research Interests
Teangeolaíocht chorpais, teicneolaíochtaí teanga, logánú, múineadh agus sealbhú teanga.
Corpus linguistics, language technologies, localization, language teaching and acquisition.
Teaching Interests
An teangeolaíocht agus an taighde corpais, teicneolaíochtaí teanga, scileanna taighde cainíochtúla agus cáilíochtúla, an logánú agus an t-aistriúchán cruthaitheach, na hilmheáin, na meáin Ghaeilge ó Athbheochan na Gaeilge i leith.
Funding Highlights
- Corpas Náisiúnta na Gaeilge, PI, 01/01/2025 to 31/12/2029
- Is tionscadal é seo le mórchorpas náisiúnta den Ghaeilge chomhaimseartha a fhorbairt ina bhfuil meascán d’ábhar scríofa agus ábhar labhartha. Tá fochorpais agus sainchorpais ghaolmhara eile á n-óstáil ar an suíomh a bheidh ina acmhainn lárnach don taighde corpasbhunaithe ar an nGaeilge. Grúpa taighde Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU, atá ag reáchtáil an tionscadail. Tá an tionscadal á mhaoiniú don tréimhse 2022-2025 ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, le tacaíocht ón gCrannchur Náisiúnta. Tuilleadh eolais: https://www.corpas.ie/ga/eolas/
