
Dr. Seán Mac Risteaird
Bhain Seán Mac Risteaird B.A., Teastas i Múineadh na Gaeilge d’Fhoghlaimeoirí Fásta, agus Ph.D. amach ó Ollscoil Mhá Nuad. Sa mhullach air sin, bronnadh FHEA (2021) agus SFHEA (2025) de chuid Advance HE air. Ceapadh Seán mar Chathaoirleach Cláir ar an mBaitsiléir san Oideachas i nGaeilge agus Teangacha (BEdLan) sa bhliain 2022 agus tá sé ag feidhmiú mar Leas-Chathaoirleach an Chláir ó 2026.
Tá spéis mhór aige i léann na gnéasachta, i gcúrsaí inscne, agus sa chritic chultúrtha agus liteartha. Rinne sé seimineár dar teideal Dána a reáchtáil ar an ngnéasúlacht agus ar an gcollaíocht i léann na Gaeilge mar chuid d’Fhéile Bhróid 2021. Ba í seo an chéad chomhdháil a reáchtáladh ar théama na haiteachta sa Ghaeilge. Agus é ag tógáil ar an obair sin, chuir sé móreagrán aiteach de chuid Comhar in eagar sa bhliain 2023 ar an téama céanna.
Foilsíodh a chéad mhonagraf Teanga don Tost (Arlen House) sa bhliain 2024 ar bronnadh Duais Leabhar Taighde na Bliana ó Chomhdháil Mheiriceánach do Léann na hÉireann (ACIS) air sa bhliain 2025. Chuir sé dhá chnuasach aistí in eagar i bpáirt leis an Ollamh Ciarán Mac Murchaidh mar chuid den tsraith Léann agus Litríocht (Arlen House): Fear Litríochta (2026) agus Ag Meá na bhFocal (2026).
I mí na Samhna 2025, rinne Seán siompóisiam ar an bhforéigean inscne a eagrú i gcomhar leis an Dr Síobhra Aiken (QUB). Tá cnuasach ar imeachtaí an tsiompóisiam á réiteach don chló acu faoi láthair.
Seán Mac Risteaird holds a B.A., a Certificate in Teaching Irish to Adult Learners, and a Ph.D. from Maynooth University. In addition to this, he was awarded Fellowship of Advance HE (FHEA) in 2021 and Senior Fellowship (SFHEA) in 2025. Seán was appointed Programme Chair of the Bachelor of Education in Irish and Modern Foreign Languages (BEdLan) in 2022 and has served as Deputy Programme Chair since 2026.
His research interests include sexuality studies, gender studies, and cultural and literary criticism. In 2021, he organised Dána, a seminar exploring sex and sexuality in Irish-language studies, as part of the Dublin Pride Festival. This was the first academic conference dedicated to queer studies in the Irish language. Building on this work, he guest-edited a special queer-themed issue of the literary magazine Comhar in 2023.
His first monograph, Teanga don Tost (Arlen House), was published in 2024 and received the Research Book of the Year Award from the American Conference for Irish Studies (ACIS) in 2025. He co-edited two collections of essays with Professor Ciarán Mac Murchaidh as part of the Léann agus Litríocht series (Arlen House): Fear Litríochta (2026) and Ag Meá na bhFocal (2026).
In November 2025, Seán co-organised a symposium on gender-based violence with Dr Síobhra Aiken (Queen's University Belfast). They are currently preparing an edited collection of essays arising from the symposium for publication.
Research Interests
An Litríocht Chomhaimseartha; Teoiric na hAiteachta agus Teoiricí Inscne; Teicneolaíochtaí Oideachais; Oidhreacht Liteartha Ghaeltacht na Mí.
Contemporary Literature in Irish; Queer and Gender Theory; Educational Technologies; The Literary Heritage of the Meath Gaeltacht.
Teaching Interests
Litríocht na haiteachta; an ghearrscéalaíocht chomhaimseartha; léann na gnéasachta; an chritic chultúrtha agus an chritic liteartha.
