
Dr. Eadaoin NI Mhuircheartaigh
Bhain Éadaoin BA amach i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus MA (Nua-Ghaeilge) in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Rinne sí a tráchtas dochtúireachta ar stáitsiú na n-ealaíon béil san fhichiú haois agus anáil an agallaimh fhileata ar dhrámaíocht na Gaeilge.
Is iad na príomhréimsí spéise agus taighde atá aici ná na taibhealaíona, an nualitríocht agus léann an bhéaloidis.
Bhí sí ina comheagarthóir ar an gcnuasach aistí critice Ar an imeall i lár an domhain: Ag trasnú tairseacha staire, teanga agus litríochta (2021) agus ar an gcnuasach Ó Chleamairí go Ceamaraí: Drámaíocht agus Taibhealaíona na Gaeilge faoi chaibidil (2021).
Uaireanta Oifige: Déardaoin 11.00-1.00
Research Interests
Is iad na príomhréimsí spéise agus taighde atá agam ná na healaíona béil; an t-agallamh beirte; and drámaíocht; anáil na béalaireachta ar litríocht na Gaeilge; an nualitríocht; stair léann an bhéaloidis.
Teaching Interests
Is iad na príomhréimsí spéise atá agam ná na healaíona béil; an t-agallamh beirte; anáil na béalaireachta ar litríocht na Gaeilge; an drámaíocht; stair léann an bhéaloidis; an nua-litríocht.
