Skip to search boxSkip to navigationSkip to main content
Deirdre Nic Mhathuna

Dr. Deirdre Nic Mhathuna

Bhain Deirdre Nic Mhathúna amach céim B.A. sa Ghaeilge agus sa Ghearmáinis i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Bhain sí céim dochtúireachta amach i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.

Is iad na sainréimsí taighde atá aici ná filíocht na seachtú haoise déag, léamh lámhscríbhinní agus eagarthóireacht ar théacsanna iarchlasaiceacha. Tá spéis ar leith aici i bhfilíocht Phiarais Feiritéar agus tá eagrán dá shaothar á ullmhú don chló aici. Tá spéis mhór aici i nGaeltacht Chorca Dhuibhne agus i dtraidisiúin bhéil agus scríofa an cheantair, go háirithe sna scéalta beatha agus i scríbhinní Thomáis Uí Chriomhthain.

Tá sí ina Rúnaí ar Studia Hibernica agus ina Cathaoirleach ar Chumann Merriman.

Research Interests