Skip to search boxSkip to navigationSkip to main content
Seán Mac Risteaird

Dr. Seán Mac Risteaird

Bhain an Dr Seán Mac Risteaird B.A. (Onóracha), Teastas i Múineadh na Gaeilge d’Fhoghlaimeoirí Fásta, agus Ph.D. amach ó Ollscoil Mhá Nuad. Bronnadh FHEA de chuid Advance HE air sa bhliain 2021 agus SFHEA air sa bhliain 2025. Tá spéis mhór aige i léann na gnéasachta, i gcúrsaí inscne, agus sa chritic chultúrtha agus liteartha. Ceapadh Seán mar Chathaoirleach Cláir ar an mBaitsiléir san Oideachas i nGaeilge agus Teangacha (BEdLan) sa bhliain 2022.

Rinne sé imeacht dhá lá a reáchtáil ar an ngnéasúlacht agus ar an gcollaíocht i léann na Gaeilge mar chuid d’Fhéile LADTA+ Bhróid Bhaile Átha Cliath i mí an Mheithimh 2021. Scríobhann sé ó am go chéile don iris Comhar agus chuir sé móreagrán dá chuid in eagar sa bhliain 2023 ar théama na haiteachta.

Foilsíodh a chéad mhonagraf Teanga don Tost (Arlen House) sa bhliain 2024 agus bronnadh Duais Leabhar Taighde na Bliana ó Chomhdháil Mheiriceánach do Léann na hÉireann (ACIS) air sa bhliain 2025. Chuir sé cnuasach aistí in ómós do Mhicheál Ó Conghaile in eagar i bpáirt leis an Ollamh Ciarán Mac Murchaidh dar teideal An Fear a Dhéanann Gaisce (2025). I mí na Samhna 2025, rinne Seán siompóisiam ar an bhforéigean inscneach a reáchtáil i gcomhar leis an Dr Síobhra Aiken (QUB).

D'fhreastail Seán ar Choláiste Pobail Ráth Chairn i nGaeltacht na Mí agus tá spéis aige i ngnéithe éagsúla de stair agus de litríocht an cheantair sin.

------

Dr Seán Mac Risteaird earned a B.A. (Honours), a Certificate in Teaching Irish to Adult Learners, and a Ph.D. from Maynooth University. In 2021, he was awarded the FHEA (Fellow of the Higher Education Academy) by Advance HE and subsequently SFHEA (Senior Fellow) in 2025. His research interests include sexuality studies, gender, and cultural and literary criticism. In 2022, Seán was appointed Programme Chair for the Bachelor of Education in Irish and Languages (BEdLan).

He organised a two-day academic event on sexuality and eroticism in Irish language studies as part of the Dublin LGBTQ+ Pride Festival in June 2021. Seán also writes occasionally for Comhar, for which he edited a special edition focused on queerness in 2023.

His first monograph, Teanga don Tost (Arlen House), was published in 2024 and was awarded the ACIS (American Conference for Irish Studies) Irish Language Research Book of the Year in 2025. He co-edited a collection of essays in honour of Micheál Ó Conghaile with Professor Ciarán Mac Murchaidh, entitled An Fear a Dhéanann Gaisce (2025). In November 2025, he co-organised a symposium on gender-based violence with Dr Síobhra Aiken from QUB.

A past-pupil of Coláiste Pobail Ráth Chairn in the Meath Gaeltacht, Seán has an interest in various aspects of the history and literature of that area.

Research Interests

An Litríocht Chomhaimseartha; Teoiric na hAiteachta agus Teoiricí Inscne; Teicneolaíochtaí Oideachais; Oidhreacht Liteartha Ghaeltacht na Mí.

Contemporary Literature in Irish; Queer and Gender Theory; Educational Technologies; The Literary Heritage of the Meath Gaeltacht.

Teaching Interests

Litríocht na haiteachta; an ghearrscéalaíocht chomhaimseartha; léann na gnéasachta; an chritic chultúrtha agus an chritic liteartha.

Sustainable Development Goals