
Dr. Conchur Mac Lochlainn
Is Ollamh Cúnta le Gaeilge in Fiontar & Scoil na Gaeilge mé, ag díriú ar réimsí an inspreagtha, sícitheangeolaíochta, sochtheangeolaíochta agus na teangeolaíochta feidhmí. D’fhreastail mé ar Choláiste Chilliain, Cluain Dolcáin, agus chéimnigh sé le B.A. sa Ghnó agus Gaeilge (2014) agus Ph.D. (2023) ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Fiosraím ceisteanna an fhéin, féiniúlachta, agus inspreagtha i leith fhoghlaimeoirí fásta na Gaeilge, mar aon leis na deiseanna agus deacrachtaí féiniúlachta a bhaineann le foghlaim na Gaeilge.
Tá spéiseanna taighde leithne agam, idir tionchar na teicneolaíochta ar fhoghlaim teangacha, an nasc idir an fhoghlaim sheachfhoirmiúil agus foirmiúil, difríochtaí síceolaíochta idir foghlaimeoirí Gaeilge de chúlraí ilchineálacha, agus ról na Gaeilge mar léiriú féiniúlachta. Cuirim spéis fosta i dtionchar an Bhéarla ar fhoghlaim mionteangacha, agus róil mionteangacha i sochaithe ilchineálacha/ilteangacha.
_______________________________________
I am an Assistant Professor of Irish in Fiontar & Scoil na Gaeilge, focusing on the fields of motivation, psycholinguistics, sociolinguistics and applied linguistics. I attended Coláiste Chilliain, Clondalkin, and graduated with a B.A. in Business and Irish (2014) and Ph.D. (2023) from Dublin City University. I examine questions of the self/selves, identities, and motivations of adult learners of Irish, as well as the opportunities and difficulties regarding identity when learning Irish.
I have broad research interests, including the impact of technology on language learning, the link between non-formal and formal learning, psychological differences between diverse learners of Irish, and the role of Irish as an expression of identity. I am also interested in the impact of English on minority language learning, and the roles of minority languages in diverse/multilingual societies.
Research Interests
An teangeolaíocht fheidhmeach, sealbhú dara teanga, féin-agus-féiniúlacht, an fhoghlaim ar feadh an tsaoil, foghlaim ríomhchuidithe teangacha (CALL), féinriar foghlaimeora.
Applied Linguistics, Second Language Acquisition, Self-and-identity, Lifelong learning, Computer Assisted Language Learning (CALL), Learner autonomy.

