
Dr. Andrea Palandri
English version below
Is Comhalta Taighde é an Dr Andrea Palandri a bhfuil suim ar leith aige i bhfileolaíocht stairiúil na Gaeilge, i gcanúineolaíocht na Nua-Ghaeilge agus i mbainistiú corpas teanga. Tá ról lárnach aige i ndearadh agus in ullmhú an tionscadail Canúint le Gaois, agus tá sé gníomhach i dtionscadail eile de chuid an ghrúpa taighde, go háirithe Dúchas agus Logainm.Tá fo-chéim aige ó Roinn an tSean-Bhéarla, na Lochlannaise agus na dTeangacha Ceilteacha in Ollscoil Cambridge, agus bronnadh PhD air i Roinn na Nua-Ghaeilge, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, as tráchtas a scríobh ar an aistriúchán Gaeilge de Leabhar Mharco Polo, ón gcúigiú céad déag. Tar éis dó a dhochtúireacht a chur i gcrích, chaith sé trí bliana ina Scoláire Uí Dhonnabháin i Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath (DIAS).
Leagan Béarla
Dr Andrea Palandri is a Research Fellow with the Gaois research group who is especially interested in Medieval and Early Modern Irish philology, in Modern Irish dialectology and in managing Irish language corpora. He has been instrumental in designing an preparing the Canúint project in Gaois, and has also been involved in other projects in the research group, particularly Dúchas and Logainm. He holds undergraduate degree from the ASNC department in the University of Cambridge and was awarded his PhD from the Department of Modern Irish, UCC in 2018 for his thesis on the fifteenth century Irish translation of Marco Polo’s Travels. He spent three years working as an O’Donovan Scholar in the School of Celtic Studies in DIAS after receiving his PhD.
Research Interests
Modern Irish Dialectology, Medieval and Early Modern Irish, Online Language Corpora
